Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge.
Matha 14:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Tar”, ar seisean leis. Dʼéirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean: Tar. Agus ar dhul amach as an bhád do Pheadar, chuaidh sé a shiubhal ar an uisce le dul chuig Íosa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt seisean, Tar. Agus tháinig Peadar anuas as an mbád, agus do shiubhail sé ar bhárr an uisce ag teacht chum Íosa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. |
Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge.
Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé.
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é.
Agus, láithreach, do sgread athair an bhuachalla, agus na deóra leis: Creidim, a Thighearna: fóir m’easba creidimh.
Agus dubhairt an Tighearna: Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.
Agus de bharr creidimh i n’ainim sin, an duine seo a chíonn sibh agus d’-aithnígheann sibh, do neartuigh a ainim é, agus thug an creideamh a thagann uaid an slánú críochnuighthe sin atá os cómhair bhúr súl go léir.