Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.
Matha 14:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhreagair Peadar é, “A Thiarna, más tú atá ann, ordaigh dom teacht chugat ar uachtar an uisce.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’fhreagair Peadar agus dubhairt: A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh damh-sa teacht chugat ar mhullach na n-uisce. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt, A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh dhom teacht chugat ar bhárr an uisce. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tug Peadar freagra air agus a dubhairt sé, A Tighearna, más tu atá ann, aithin díomsa dul ad choinne air na huisgidhibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dʼfhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” An Bíobla Naofa 1981 D'fhreagair Peadar é: “A Thiarna,” ar seisean, “más tú atá ann, ordaigh mé a theacht chugat ar bharr an uisce.” |
Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh.
Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa.
Ansan d’fhreagair Peadar agus dubhairt sé: Féach, d’fhágamairne gach nídh, agus do leanamair tusa: Agus cad a bheidh d’á bhárr againn?
Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n-aonfheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna.