Óir is de bhárr do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhréithre féin a daorfar thu.
Matha 12:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’fhreagair cuid des na Sgríbhneóiríbh agus des na Fairisínigh agus dubhradar: A Mháighistir, is mian linn cómhartha dh’fheisgint uait. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba ansin a dúirt cuid de na scríobhaithe agus de na Fairiséigh leis, “A Oide, ba é ba mhaith linn comhartha a fheiceáil uait.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin d’fhreagair dream áirithe de na Scríobhaidhthe agus de na Fairisínigh é, agus dubhairt: A Mháighistir, is mian linn cómhartha d’fheiceáil uait. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin d’fhreagair cuid de na scríobhaidhthibh agus de na Fairisíneachaibh, agus adubhradar, A Mháighistir, ba mhian linn cómhartha d’fheicsin uait. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do fhreagradar dream do na sgríobuidhibh agus do na Phairisíneachaibh, ag rádh, A Mhaighisdir, is mían linn comharta dfaicsin úait. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “Bʼáil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.” An Bíobla Naofa 1981 Ansin labhair cuid de na scríobhaithe agus de na Fairisínigh leis: “B'áil linn, a Mhaistir,” ar siad, “comhartha a fheiceáil uait.” |
Óir is de bhárr do bhréithre féin a saorfar thu, agus is de bhárr do bhréithre féin a daorfar thu.
Agus d’iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh.
Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh.
Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo?
Agus dubhairt Íosa leis: Gan fearta agus mírbhúiltí a d’fheisgint ní chreideann sibh.
Agus dubhradar leis: Má ’seadh cad é an cómhartha atá agat-sa dh’á dhéanamh, ionus go bhfeicfimís é agus go gcreidfimís ionat? Cad ’tá agat dh’á oibriú?