Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh.
Lúcás 9:58 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis: Táid poill talmhan ag na madraíbh ruadha, agus a neadacha ag éanlaithe an aeir, ach ag Mac au Duine ni’l áit ’n-a leigfeadh sé a cheann. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa leis, “Bíonn uachaisí ag sionnaigh, agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl áit leagtha a chinn ag Mac an duine.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Dubhairt Íosa leis: Tá plothógaí ag na sionnaigh, agus tá neadracha ag éanacha an aeir, acht ag Mac an Duine ní fhuil áit ar a leagfadh sé a cheann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa leis, Atá pluaiseacha ag na sionnachaibh, agus atá neadacha ag éanlaithibh an aeir; acht ní fhuil áit ag Mac an Duine ar a leagfadh sé a cheann. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ris, Ataíd fúachaisighe ag na sionnchaibh, agus neíd ag éanlaith a naiéir; achd ní bhfuil áit ag Mac an duine ann a gcurfeadh sé a cheann. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfaidh sé a cheann.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Tá prochóga ag na sionnaigh agus neadacha ag éanlaith an aeir, ach níl ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.” |
Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh.
Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.