An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann a’ theannta, sgaipeann sé.
Lúcás 9:50 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa leis: Ná coisgidh é: mar, an t-é ná fuil i nbhúr gcoinnibh tá sé libh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach dúirt Íosa leis, “Ná crosaigí air é; mar an té nach mbíonn in bhur n‑aghaidh bíonn sé ar bhur dtaobh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa leis: Ná coscaigidh; óir an té nach mbíonn i bhur n-aghaidh, bíonn sé ar bhur leith. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt seisean leis, Ná choiscidh é: óir an té nach bhfuil ’n‐bhúr gcoinnibh atá sé libh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa ríu, Ná toirmeasuidh é: oir gidh bé nach bhfuil ar naghuidh atá sé linn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n-aghaidh, tá sé ar bhur son. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt Íosa leis: “Ná cuirigí aon chosc leis, óir an té nach bhfuil in bhur n‑aghaidh, tá sé ar bhur son. |
An t-é ná fuil liom, tá sé am’ aghaidh; agus an t-é ná cnuasaigheann a’ theannta, sgaipeann sé.
Agus nuair a chuadar isteach sa tigh do labhair Íosa leis ar dtúis agus dubhairt: Cad a chítear duit-se, a Shímóin? righthe na talmhan, cé uatha go nglacaid siad cíos nó cáin? an ó n-a gclainn féin, nó ó dhaoinibh iasachta?
Ach i dtreó ná tabharfaimís sgannal dóibh, imthigh chun na faraige agus caith dubhán; agus an céad iasg a thiocfaidh aníos, tóg é; agus osgail a bhéal, agus gheobhair statér ann; tóg é sin agus tabhair dóibh sin é asam-sa agus asat féin.
Agus dubhairt Íosa [leis]: Ná coisgidh é; mar ní’l aon duine a dhéanfadh mírbhuilt am’ ainim-se agus a dh’fhéadfadh droch-fhocal a rádh orm go luath.
Agus aoinne thabharfaidh droch-shampla do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó dá gcurtí bró mhuilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige.
An t-é ná fuil liom tá sé am’ choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon liom deineann sé sgaipeadh.
Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus mammon.