Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.
Lúcás 6:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) tugaigí uaibh, agus tabharfar daoibh; roinn fhial fhlaithiúil, a dhingfear agus a chroithfear go gcuire sé thar bhruacha, a dhoirtfear isteach in bhur n‑ucht. Mar tomhaisfear chugaibh de réir an tomhais a thugann sibh uaibh.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Tabhairigidh uaibh, agus bhéarfar díbh: miosúr maith, brúighte síos, craithte agus ag dul thairis a bhéarfas siad isteach i bhur n-ucht. Óir is leis an mhiosúr chéadna le n-a dtómhaisfidh sibh a thómhaisfear thar ais díbh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) maithidh, agus maithfear daoibh: tabhraidh uaibh, agus do‐bhéarfar daoibh; tómhas lán, dingthe, croithte, ag cur thar maol, is eadh thiubhras siad daoibh ’n‐bhúr n‐ucht. Óir an tómhas le n‐a dtómhaiseann sibh, is leis tómhaisfear ar ais chugaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tabhruidh úaibh, agus do bhéurthar dháoibh; agus do bhéuruid dáoine an bhur nnched, moisúr maith, dingthe, craithte agus ag dul thairis. Oír as lesi an miosúr an a dtoimhéosdáoi, toimhéosdar mar an gcéudna dháoibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n-ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.” An Bíobla Naofa 1981 Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.” |
Agus an t-é a thabharfaidh le n-ól do dhuine de’n chuid is suaraíghe dhíobh san fiú cupán uisge fhuair, i n-ainim deisgiobuil, go deimhin adeirim libh, ní chaillfidh sé a luacht saothair.
Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh.
Agus dubhairt sé leó: Féach cad a dh’airigheann sibh. An tómhas ’n-a dtómhaisfidh sibh, siné an tómas ’n-a dtómhasfar chúghaibh, agus curfar tuille leis.
Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.