Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.
Lúcás 5:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach ní foláir an fíon nua do chur i n-árthaíbh nua i dtreó go gcoimeádfar iad araon. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach caithfear fíon nua a chur i seithí nua. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht is cóir fíon úr a chur i mbuidéil úra, agus sábháiltear iad araon. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht ní foláir fíon úr do chur i mbuidéalaibh nua. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd fíon núa is cóir do chur a mbuidéuluibh núadha; agus béid síad aráon slán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur. An Bíobla Naofa 1981 Ach fíon nua i seithí nua is cóir a chur. |
Ná ní curtar fíon nua i sean’-árthaíbh leathair; nó má deintear bristear na h-árthaí agus doirtear an fíon, agus imthighid na h-árthaí gan tairbhe. Ach curtar an fíon nua i n-árthaíbh nua agus coimeádtar iad araon.
Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair, mar brisfidh an fíon nua an seana-leathar, agus doirtfar an fíon agus caillfar an t-árthach leathair.
Agus aoinne a bhíonn ag ól sean-fhíona ní thaithnfidh an fíon nua láithreach leis, óir deir sé, Is fearr an sean-fhíon.