Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.
Lúcás 23:50 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí fear ann a raibh Iósaf mar ainm air as baile Giúdach Arimatía, a bhí ina bhall den seanad, agus a bhí ina dhea-dhuine agus ina fhíréan, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, bhí fear ann, darbh ainm Ióseph, fear maith agus cóir, arbh chómhairleach é, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, fear darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a chómhairleoir, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, tháinic fear dar bhainm Ióseph; do bhí na chomhairleach, na dhuine mhaith, agus na fhírean: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den Chomhairle é, duine maith fíréanta. An Bíobla Naofa 1981 Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta. |
Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.
Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.
Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait.
Óir fear fóghanta b’eadh é a bhí lán de’n Spioraid Naomh, agus de chreideamh. Agus do tugadh cuid mhór daoine chun an Tighearna.
Agus nuair a bhí gach nídh d’á raibh sgríobhtha ’n-a thaobh cómhlíonta acu thógadar anuas de’n adhmad é agus chuireadar i leacht é.