Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 23:31 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mar má dhéantar sin nuair is glas don tslat, cad é a tharlós nuair a chríonfas sí?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir má ghní siad na neithe seo san adhmad úr, cad é dhéanfar san adhmad chríon?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir má ghníd na neithe seo san adhmad úr, créad do‐ghéantar san adhmad críon?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír má níd síad na neithesi ris an crann úr, créd do dhéantar ris an ccríon?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Óir, más mar seo a dhéantar leis an adhmad glas, cad a bhainfidh don chríon!”

Féach an chaibidil



Lúcás 23:31
13 Tagairtí Cros  

Tá a ghléas cáithte i n-a láimh aige, agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach sa sgioból, agus loisgfidh sé an lóchán le teine nach féidir a mhúchadh.


An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn.


Agus bhí bheirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun bháis.


An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.