Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air.
Lúcás 23:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bhídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bhídhidh ag gol ar bhúr son féin agus as son bhúr gclainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach thiontaigh Íosa leo agus dúirt sé, “Ná bígí do mo chaoineadhsa, a iníonacha Iarúsailéim, ach do bhur gcaoineadh féin agus ag caoineadh bhur gclainne. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht thionntuigh Íosa chuca, agus dubhairt: A ingheanacha Ierusalem, ná caoinigidh mise, acht caoinigidh sibh féin agus bhur gclann. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfilleadh chuca a dubhairt Iósa, A ingheana Ierusaléim, ná guilidh ar mo shonsa, achd guilidh ar bhar son féin, agus ar son bhar gcloinne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dʼiompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníonacha Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall orm-sa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. An Bíobla Naofa 1981 Ach d'iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann. |
Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air.
Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne.