Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.
Lúcás 22:56 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus chonaic cailín aimsire é ’n-a shuidhe sa tsolus, agus d’fhéach sí go dlúth air, agus dubhairt sí: Bhí sé seo leis i n’fhochair siúd. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ansin chonaic cailín aimsire é ina shuí faoin solas agus dʼamharc air, agus dúirt sí, “Bhí an fear seo ina chuideachta freisin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic cailín aimsire áirithe é ina shuidhe ag an tsolus agus stán sí air, dubhairt sí: Bhí sé seo fosta leis. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí cailín áirithe, do chonnaic é agus é ’n‐a shuidhe sa tsolas, agus ag féachain go grinn air dhí, adubhairt sí, Do bhí an fear so, leis, ’n‐a fhochair siúd. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chunnairc cailín áirighe é na shuidhe ag an teinidh, ar bhfeachain go gér dhí air, a duabhaiet sí, Do bhi an fearso fós na fhochair súd. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.” An Bíobla Naofa 1981 Chonaic cailín aimsire ina shuí sa solas é, agus tar éis di féachaint go caol air, dúirt: “Bhí sé seo freisin ina chuideachta siúd.” |
Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach.
Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa.
Ansan do chuir sé a lámh airís ar a shúilibh, agus chrom an duine ar fhéachaint suas, agus mar sin tháinig radharc dó i dtreó go bhfeacaidh sé gach nídh go soiléir.
Agus nuair a lasadh teine i lár an halla, agus bhíodar ’n-a suidhe ’n-a tímpal, bhí Peadar ’n-a measg.
Agus dubhairt cailín an doruis le Peadar: Nách duine de dheisgiobulaibh an fhir úd tusa, leis? Deir seisean: Ní h-eadh.