Lúcás 17:37 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé leó: An áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dʼfhiafraigh siad de, “Cá háit, a Thiarna?” Is é a dúirt sé leo, “An áit a mbeidh an corp, is ann a chruinneos na hiolair le chéile.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt seisean leo: Cibé ar bith áit a mbéidh an corp, is annsin fosta a chruinneochas na h-iolair le chéile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ag freagairt dóibh, adubhradar, Cá h‐ionad, a Thighearna? Agus adubhairt sé leo, An áit ’n‐a mbíonn an conablach, is ann cruinneochar na h‐iolair, leis. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreaga dhóibhsion a deirid ris, Gá háit, a Thighearna? Agus a dubhairt seision riú, Gidh bé ball a mbíu an corp, is ann sin fós chruinneochthar na hiolair. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt siad leis dá fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt siad leis á fhreagairt: “Cén áit, a Thiarna?” Dúirt sé leo: “Mar a mbíonn an corpán, is ann freisin a bheidh na badhbha cruinnithe le chéile.” |