Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 17:33 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Cibé a iarrfas a anam a shábháil, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfeas é, congbhóchaidh sé beo é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Cibé duine iarrfas a anam do shábháil, caillfidh sé é: agus cibé duine chaillfeas a anam, sábhálfaidh sé é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é a tharrtháil.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é tharrtháil.

Féach an chaibidil



Lúcás 17:33
7 Tagairtí Cros  

An t-é a gheobhaidh a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam féin ar mo shon-sa, gheobhaidh sé é.


Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é.


Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile;


Ní bhíonn ann ach é féin; ach má gheibheann sé bás tugann sé toradh mór uaidh. An t-é a ghrádhann a anam féin caillfidh sé é; agus an t-é a dh’fhuathuigheann a anam féin ar an saoghal so, coimeádann sé é i gcóir na beatha síoruidhe.