Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach biodh fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht.
Lúcás 17:20 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a dʼfhiafraigh na Fairiséigh de cá huair a bhí ríocht Dé le teacht, ba é an freagra a thug sé orthu, “Nuair a thiocfaidh ríocht Dé, ní bheidh aon chomhartha le feiceáil; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh de: Cá h-uair a thiocfas ríoghacht Dé? Agus dubhairt sé, ghá bhfreagairt: Ní thiocfaidh ríoghacht Dé le coimhéad, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhiafruigh na Fairisínigh dhe, Cá h‐uair thiocfaidh ríoghacht Dé, d’fhreagair sé iad agus adubhairt, Ní h‐i riocht go mbraithfear é thiocfas ríoghacht Dé: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan dfiafruigh na Phairisinigh dhe, Cía an tráth thiocfadh riogháchd Dé, do fhreagair sé iád agus a dubhairt sé, Ní thiocfa rioghachd Dé récoimhéd. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a dʼfhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo dá bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní hamhlaidh a bhraitear ag teacht í, An Bíobla Naofa 1981 Nuair a d'fhiafraigh na Fairisínigh de cén uair a bheadh ríocht Dé ag teacht, dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ríocht Dé, ní amhlaidh a bhraitear ag teacht í, |
Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach biodh fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht.
Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air.
An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.
Agus iadsan ag éisteacht leis na neithibh sin do chuir sé leó agus do labhair sé soluíd, mar bhí sé ag teacht i ngar do Ierúsalem, agus mheasadar-san go dtaisbeánfaí rígheacht Dé láithreach.
D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa.