Lúcás 14:35 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Níl aon mhaith ann do thalamh ná don charn aoiligh; agus bíonn na daoine á chaitheamh uathu. An té a bhfuil cluas le héisteacht air, éisteadh sé.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ní bhíonn maith ann do’n talamh, ná do’n charn aoiligh, acht caithfear amach é. An té a bhfuil cluasa chun éisteachta air, éisteadh sé. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní bhfuil féidim air chum na talmhon, ná chum a naóiligh; teilid daoine amach é. Gidh bé agá bhfuilid clusa chum éisdeachda, éisdeadh sé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é a chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” An Bíobla Naofa 1981 Níl sé oiriúnach don talamh ná don charn aoiligh: é chaitheamh amach a dhéantar. An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh!” |
Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: A Thighearna, sgaoil leis an bhliain seo go ndeinead rómhar ’n-a thímpal agus go gcuiread leasú leis,
Agus do thuit tuille de sa talamh fóghanta agus d’fhás sé, agus thug sé toradh fó chéad. Nuair a dubhairt sé an méid sin do labhair sé árd: An t-é go bhfuil cluasa le h-éisteacht air cloiseadh sé.
Agus bhí uathbhás ar na daoine go léir tré mhór-chómhacht Dé. Agus nuair a bhíodar go léir ag déanamh iongna de sna gníomhartha a bhí aige ’á dhéanamh, dubhairt sé le n-a dheisgiobulaibh: Coimeádaidh-se cuimhne ar an gcaint sin i nbhúr gcroidhe: óir tá Mac an Duine le tabhairt i lámhaibh daoine.
An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.