Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois.
Lúcás 14:29 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mura ndéanann sé sin, beidh an dúshraith curtha aige, agus gan cumas aige lena chríochnú, agus níl duine dá bhfeicfidh é nach dtosnóidh ar mhagadh faoi, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ar eagla, i ndiaidh an dubhshraith a leagan, agus gan é ábalta a chríochnughadh, go dtoisigheadh gach duine dá bhfeicfeadh é a mhagadh faoi, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar eagla, thar a éis dó an bun do chur, agus gan ar chumas dó a chríochnú, go dtosnóchaidh gach duine fhéachas air ar bheith ag magadh faoi, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar eagla, déis na funndameinte do dhó, agus gan chumas aige críoch do churair, go dtoiséochadh gach áon nduine dhá bhfaicfeadh é, fonomhad do dhéanamh faói, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi dá rá: An Bíobla Naofa 1981 Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá: |
Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois.
Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige?
Agus go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur suas, agus ní’l ar a chumas críochnú.