Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.
Lúcás 14:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar cé agaibh ar mhian leis túr a thógáil, nach suíonn síos an chéad uair leis an gcostas a chomhaireamh, go bhfeice sé an bhfuil go leor aige lena chríochnú? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Óir cé agaibh, agus mian aige túr a thógáil, nach suidheann síos ar dtús leis an chostas a bhíos riachtanach a chunntas, féachaint an bhfuil go leor aige le n-a chríochnughadh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Óir cia aca dhíbh‐se gur mian leis túr do thógáil, nach suidheann síos ar dtús chum an costas do mheas, d’fhéachain an bhfuil a dhóthain aige le críoch do chur air? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír cía agaibhsi duine le madh mian tor do dheanamh, nach suidhfeadh ar tús, do theilgean cuntais an chosdúis, an mbiadh acfuinn aige chum críche do chur air? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? An Bíobla Naofa 1981 Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú? |
Agus beidh fuath ag gach duine dhaoibh-se mar gheall ar m’ainim-se; Ach an t-é sheasóchaidh amach go deire isé a slánófar.
Agus deir Íosa leis: Táid pluaiseana ag na sionachaibh agus neadacha ag éanlaithibh an aéir, agus ní’l ag Mac an Duine áit ar a leigfeadh sé a cheann.
Agus an t-é ná deineann a chros féin d’iompar agus teacht am’ dhiaidh, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam.
Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé,
Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.
Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagrad: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroide? Táimse ollamh, ní h-amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa.