D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.
Lúcás 14:24 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Deirim libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhia. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Mar tá mise á insint duit nach mbeidh aon duine de lucht na gcuirí ag blaiseadh mo fhleása.’” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht deirim libh nach mblaisfidh aon duine de na fir a fuair cuireadh mo shuipéar-sa. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Oir adeirim libh, nach mblaisfidh duine dhíobh siúd fuair cuireadh blúire dem’ fhéasta. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír a derim ribh, Nach blaifidh, aon nduine do na fearuibh úd fuáir cuireadh dom shuipéarsa. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’” An Bíobla Naofa 1981 Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ” |
D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi.
Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfiú iad é.
Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh.
Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis, agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leó:
Agus sidí an breith, go dtáinig an solus ar an saoghal agus gur ghlac na daoine an doircheacht mar rogha roimis an solus, toisg a ngníomhartha bheith go h-olc.
An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.
Agus dubhairt Íosa leó: Táim-se ag imtheacht, agus beidh sibh-se a’m lorg, agus gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca; an áit ’n-a bhfuilim-se ag dul ní fhéadfaidh sibh-se teacht ann.
Uime sin adubhart libh, gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeacaíbh; óir mura gcreididh sibh gur mise é gheobhaidh sibh bás i nbhúr bpeaca.
Ansan dubhairt Pól agus Barnabas, go dána: is libhse nár bhfoláir dúinn briathar Dé do labhairt an dtúis; ach ó dhiúltuigheann sibh dó, agus nác fiú sibh, do réir bhúr mbreithe féin, beatha shioruidhe dh’fhághail, táimídne, féac, ag iompáil chun na ngeinte.