Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.
Lúcás 12:56 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) A chealgairí, féadann sibh an spéir agus an talamh do bhreithniú: agus conus ná breithnigheann sibh an aimsir atá ann? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) A fhimíneacha! Tá a fhios agaibh tuiscint a bhaint as comharthaí an talaimh agus as comharthaí na spéire; agus cad chuige nach mbíonn tuiscint agaibh ar an saol atá anois ann? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara A bhréagchráibhtheacha, is eol díbh aghaidh na spéire agus an talaimh a bhreathnughadh, agus cad chuige nach mbreathnuigheann sibh an linn seo? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) A chealgairí, is eol daoibh gné na talmhan agus na spéire do bhreathnú; acht cad chuige nach eol daoibh gné na h‐aimsire seo do bhreathnú? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A luchd an fhuárchrabhuigh, as éol dáoibh aghaidh neimhe agus talmhan do bhreathnughthí na naimsirse? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t-am seo i láthair a léamh? An Bíobla Naofa 1981 A bhréagchráifeacha, tá a fhios agaibh conas dreach na talún agus na spéire a léamh, ach cad a bheir daoibh gan an t‑am seo i láthair a léamh? |
Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.
D’á bhrígh sin, nuair a bheidh déirc agat ’á dhéanamh ná bíodh adharc d’á séideadh rómhat amach agat, mar a bhíonn ag na feallairíbh ins na sinagógaibh agus ar na sráidibh, i dtreó go dtabharfadh na daoine onóir dóibh. Go deimhin adeirim libh, tá a dtuarasdal fághalta acu.