Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 12:28 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus má éidigheann Dia ar an gcuma san an féar atá indiu ar an mbán agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó ’ná san [éideóchaidh sé] sibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ach más mar sin a ghléasas Dia an féar glas atá ag fás go beo sa pháirc inniu agus a bhíos á chaitheamh isteach sa sorn amárach, nach mó go mór a ghléasfaidh sé sibhse, a dhaoine an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus má chóirigheann Dia mar seo an féar atá indiu san ghort, agus a chaithtear isteach san oighean i mbárach: nach mó ná sin a dhéanfas sé díbh-se, a lucht an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Acht má’s mar sin éidigheas Dia féar an mhachaire, atá ann indiu, agus caithtear san oigheann amárach; nach mó go mór éideochas sé sibh‐se, a lucht an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus má éaduigheann Diá már sin an fér, atá a niu ar an machaire, agus chuithear a márach ann sa núamhaifh; a né nach mó ná sin do dhéana sé dhibhse, a luchd an chreidimh bhig?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibh-se a éadú, a lucht an bheagán creidimh!

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

An lus ar an mbán a bhíonn ann inniu agus atá le caitheamh sa sorn amárach, má éadaíonn Dia mar sin é, nach móide go mór dó sibhse a éadú, a lucht an bheagán creidimh!

Féach an chaibidil



Lúcás 12:28
10 Tagairtí Cros  

Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort?


Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh?


Agus do smachtuigh Íosa an deamhan, agus d’imthigh sé as, agus bhí an mac leighiste as san amach.


Ach ní curtar amach an sórd so ach le h-úrnuighthe agus le trosgadh.


Má chuireann Dia maise de’n tsórd san ar fhéar an tailimh, atá ann indiu, agus a caithfar sa teine amáireach, nách mó go mór a dhéanfaidh sé dhaoibh-se, a lucht an chreidimh shuaraigh?


Agus dubhairt Íosa leó: Cad is eagal daoibh, a dhaoine gan puinn creidimh? Ansan d’eirigh sé agus dubhairt sé leis an ngaoith agus leis an bhfaraige fanmhaint socair, agus tháinig ciúnas mór.


Agus dubhairt sé leó-san: Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Mar bhí eagal ortha agus iongna, agus iad ’ghá rád le n-a chéile, Cad é mar dhuine é seo, go smachtuigheann sé gaoth agus faraige agus go ndeinid siad rud air?