Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.
Lúcás 11:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus ar a rádh leis féin: Cad n’a thaob ná nígheann se é féin roim bhia chaitheamh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bhí iontas ar an bhFairiséach lena fheiceáil nár nigh sé é féin roimh an dinnéar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thoisigh an Fairisíneach a mheabhrughadh agus a rádh leis féin, cad chuige nár nigh sé é féin roimh an dinnéar. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ba mhór ba iongnadh leis an bhFairisíneach, agus é ag féachain air, nár nigh sé é féin roimh an mbéile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chonnairc an Phairísineach sin, dob iongnadh leis nár ionnail sé ar tús roimh dhínnér. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, bʼionadh leis nach ndearna sé an t-ionladh ar dtús roimh an bproinn. An Bíobla Naofa 1981 Ar a fheiceáil sin don Fhairisíneach, b'ionadh leis nach ndearna sé an t‑ionladh ar dtús roimh an bproinn. |
Agus nuair airigh Íosa san do dhein sé iongna dhé; agus dúbhairt se leis an muíntir a bhí ’ghá leanmhaint: Go deimhin adeirim libh, ní bhfuaras a leithéid sin de chreideamh i n-Israél.
Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh.
Agus d’eirigh aighneas idir dheisgiobuil le h-Eóin agus na Iúdaigh i dtaobh nígheacháin.