An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.
Eoin 7:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt a bhráithre féin leis: Fág an áit seo agus eirigh isteach i n-Iúdaéa i dtreó go bhfeicfid do dheisgiobuil féin na gníomhartha a dheineann tú. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Dúirt a dheartháireacha leis dá bhrí sin, “Fág seo agus tabhair Iúdaea ort féin, go bhfeice na deisceabail atá agat na hoibreacha atá á ndéanamh agat. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt a bhráithre leis: Fág seo, agus imthigh go n-Iudaia, chun go bhfeicidh do dheisciobail fosta na h-oibreacha seo agat a ghní tú. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) D’á bhrigh sin adubhairt a bhráithre leis, Fág an áit seo, agus imthigh go h‐Iúdaea, chum go bhfeicfidh do dheisceabail na gníomhartha do‐ghní tú, chómh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ar a nadhbharsin a dubhradar a bhráithreachasan ris, Fág so agus imthigh go tír Iúdaighe, do chum go bhfaicfidis do dheisciobail fós na hoibreacha do ní tú. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go hIúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. An Bíobla Naofa 1981 Dúirt a bhráithre leis dá bhrí sin: “Fág an áit seo agus imigh go Iúdáia ionas go bhfeicfidh do dheisceabail na hoibreacha atá tú a dhéanamh. |
An fhaidh a bhí sé ag caint leis an bpobul, tháinig a mháthair agus a bhráithre amuigh agus iad a d’iarraidh labhairt leis.
Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air. mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé.
Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n-a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air.
Agus tháinig chuige a mháthair agus a bhráithre, agus níor fhéadadar teacht ag triall air mar gheall ar an sluagh.
Agus do h-innseadh dó: Tá do mháthair agus do bhráithre ’n-a seasamh amuigh, agus ba mhaith leó thu d’fheisgint.
Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun na baineise.
Agus dubhairt sé: Uime sin iseadh adubhart libh na féadfadh aoinne teacht chúgham mura mbeadh tabhartha ag m’Athair dó teacht.
Ach nuair a bhí a bhráithre imthighthe suas, ansan do chuaidh sé féin suas chun na féile, ach níor bh’ós árd é, ach amháin fé cheilt ar shlígh.
Óir ní dheineann aoinne aon nídh a gan fhios agus é a d’iarraidh é féin a bheith puibilidhe; má deineann tú na neithe seo taisbeáin tu féin do’n domhan.
Ansan d’eirigh Peadar ’n-a sheasamh, agus an t-aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaibh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt!