Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.
Eoin 4:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’fhág sé Iúdaéa agus d’imthigh sé airís go Gaililí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) dʼfhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’fhág sé Iudaia, agus d’imthigh sé arís chun na Gailile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) d’fhág sé Iúdaea, agus d’imthigh sé arís go dtí an Ghalilé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do fhág sé tír Iúdaighe, agus do chúaidh sé a rís don Ghalilé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 dʼfhág sé Iúdáia agus dʼimigh sé arís don Ghailíl. An Bíobla Naofa 1981 d'fhág sé Iúdáia agus d'imigh sé arís don Ghailíl. |
Ach nuair a déanfar géarleanmhaint oraibh sa chathair sin, imthighidh go cathair eile: Go deimhin adeirim libh, ní bheidh catharacha Israéil siúbhalta agaibh sar a dtiocfidh Mac an Duine.
Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa,
Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí;
Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise.
Agus d’imthigh sé airís thar Iórdan, chun na h-áite ’n-a raibh Eóin ag baisteadh ar dtúis; agus d’fhan sé ansan.
Uime sin níor shiubhluigh Íosa feasda go puibilidhe ameasg na n-Iúdach, ach d’imthigh sé isteach i gceanntar i n-aice an fhásaigh, go cathair ar a dtugtar Ephrem, agus d’fhan sé ansan i bhfochair a dheisgiobul.
Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann.
Ansan do thainig Íosa agus a dheisgiobuil isteach i dtalamh Iúdaéa agus bí sé ’n-a chómhnuighe ann mar aon leó agus ag déanamh baiste.
Agus an nídh a chonaic sé agus d’airigh sé, déineann sé fiadhnaise air; agus ní ghlacann aoinne a fhiadhnaise.
Nuair airigh sé sin Íosa bheith tagaithe ó Iúdaéa isteach i nGaililí d’imthigh sé ag triall air, agus bhí sé ’ghá iarraidh air dul síos agus a mhac do leigheas; óir bhí sé i bpúnc an bhais.
I n-a dhiaidh san do shiubhluigheadh Íosa sa Ghaililí, óir níor bh’áil leis siubhal i nIúdhaéa toisg na Iúdaigh a bheith a d’iarraidh é chur chun báis.