Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Eoin 10:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Osgalann an dóirseóir dó san, agus airighid na caoire a ghuth, agus glaodhann sé ar a chaoire féin, as a n-ainim, agus seólann sé amach iad.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Is roimhe a osclaíos an doirseoir; tugann na caoirigh cluas orthu féin leis, agus gaireann sé ina n‑ainmneacha ar a chuid caorach féin, agus seolann sé amach iad.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is dó seo a fhosclas an doirseoir, agus cluineann na caoirigh a ghuth, agus goireann sé chuige a chaoirigh féin fá n-a n-ainmneacha agus treoruigheann sé amach iad.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Is dó‐san fhosclas an geatóir; agus airigheann na caoirigh a ghlór: agus glaodhann sé as a n‐ainm ar a chaoiribh féin, agus seolann sé amach iad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Is dó so osglas an doirrseóir; agus éisdid na cáoirigh a ghuth: agus goiridh sé a cháoirigh réir a nanmann, agus tréoruighidh sé amach iád.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin ina n-ainm, agus seolann amach iad.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Osclaíonn an doirseoir dó seo agus éisteann na caoirigh lena ghuth, agus glaonn sé ar a chaoirigh féin as a n‑ainm, agus seolann amach iad.

Féach an chaibidil



Eoin 10:3
32 Tagairtí Cros  

Mise an t-aodhaire fóghanta agus aithnighim mo chuid féin, agus aithnighid siad-san mé.


Agus tá caoire eile agam ná baineann leis an gcró so; agus tá orm iad san a thabhairt liom, agus éistfid siad le m’ ghlór; agus beidh aon chró amháin ann agus aon aodhaire amháin.


Agus nuair a sheólann sé amach a chaoire féin gluaiseann sé rómpa, agus leanaid na caoire é, mar aithnighid siad a ghuth.


Is mise an dorus. Má’s tríom-sa a raghaidh duine isteach, saorfar é; agus geobhaidh sé isteach agus amach, agus gheobhaidh sé an fhosuigheacht.


Gach nídh d’á bhfuil tabhartha dhómh-sa ag m’ Athair tiocfaidh sé chúgham, agus an t-é a thiocfaidh chúgham ní chaithfead amach é.


Tá sgríobhtha ins na fáidhibh: Agus beid siad go léir d’á dteagasg ag Dia. Gach duine a chlois ó’n Athair agus d’ fhoghluim, tagann sé chúgham-sa.