Ach má bhíonn do shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?
Eoin 1:9 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Dob’ é sin an solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ba é an fíorsholas, a shoilsíos an cine daonna, a bhí ag teacht ar an saol. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara B’é sin an solus fíor, a shoillsigheas gach duine dá dtig ar an tsaoghal seo. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do b’é sin an fíor‐sholas shoillsigheas gach uile dhuine, ag teacht ar an saoghal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bé so an Solus fírinneach, shoillsigheas gach uile dhuine dá dtig ar a tsáoghal. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol. An Bíobla Naofa 1981 An solas fírinneach a shoilsíonn gach aon duine, bhí sé ag teacht ar an saol. |
Ach má bhíonn do shúil go h-olc beidh do chorp go léir gan solus. Agus má’s ionan agus doircheacht an solus atá ionat, cad é méid na doircheachta féin?
Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.
Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd.
Is am’ sholus do thánag ar an saoghal, ionus, an t-é a chreideann ionam, ná fanfadh sé sa doircheacht.
Dubhairt Íosa leis: Is mise an tslígh, agus an fhírinne, agus an bheatha; ní thagann aoinne chun an Athar ach tríom-sa.
Ansan dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, ní h-é Maois a thug arán ó neamh daoibh, ach isé m’ Athair-se a thugann dhaoibh an t-arán fírinneach ó neamh.
Agus bhí gluaireán mór ameasg na ndaoine mar gheall air. Cuid acu ’ghá rádh, Duine fóghanta iseadh é. Tuille acu ’ghá rádh, Ní h-eadh, ach ag mealladh an phobuil iseadh atá sé.