Féach, beidh gein’n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn.
Eoin 1:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ad eadh an Briathar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Sa tús bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba é Dia an Briathar. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Bhí an Briathar ami i dtús, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus ba Dia an Briathar. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Ar dtús do bhí an Briathar ann, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus do b’é Dia an briathar. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sa tosach do bhí an Bhriathar, agus do bhí ab Bhriathar a bhfochair Dé, agus do bé Día an Bríathar. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba é Dia an Briathar. An Bíobla Naofa 1981 Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar. |
Féach, beidh gein’n-a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn.
Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne.
Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.
Do ghluaiseas amach ó’n Athair, agus do thánagh ar an saoghal; táim ag fágáilt an tsaoghail airís, agus ag dul ag triall ar an Athair.
Agus soillsigh-se mise anois, a Athair, ad’ fhochair féin, leis an soillseacht a bhí agam ad’ fhochair sar a raibh an domhan ar bith.
Agus dubhairt Íosa leó: Go deimhin deimhin adeirim libh, táim-se ann ó roimh Ábraham a bheith ann.