Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
Lúcás 4:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis an chloich seo a bheith ina h-arán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt an diabhal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloich seo go ndéantar arán dí. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di féin.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.” |
Agus air dteachd do náidhbhirséoir chuige, a dubhairt sé, Mas tusa Mac Dé aithin do na clochuibhsi bheith na narán.
Agus gur thuirrling an Spiorad Náomh a bhfioghair chorpardha mar cholum air, agus do dtáinic guth ó neamh, ag rádh, Is tú mo Mhac grádhachsa; is ionnadsa a tá mo dheaghthoil.
Feadh dhá fhichead lá an díabhal ag cur chathuighthi air. Agus níor ith sé uí ar bith ann sna laéthibh sin: achd ar na gcríochnnghadh, ann sin do ghabh ocras é.
Agus do fhreagair Iósa é, ag rádh, A tá sgríobhtba, Nach lé harán a mháin mhairfios an duine, achd lé gach uile bhréithir Dé.