Iósua 24:26 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do scríobh Iosua na briathraso a leabhar dhlighe Dé, agus do thóg cloch mhór, agus do chuir na seasamh annsin í faói dharuigh, do bhí láimh ré sanctora an TIGHEARNA. An Bíobla Naofa 1981 Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna. |
Agus tugadur do Iácob a raibh do dhéeibh coimhightheacha ann a lámhuibh, agus a raibh dfainnibh-cluas na gcluasuibh; agus do fholuigh Iácob íad faói an daruigh noch do bhí laimh ré Sechem.
Ach fuáir Debora banaltra Rebecah bás, agus do hadhlaiceadh í táobh shíos do Bhétel faói dharuigh: agus do goireadh Allonbachut dainm dhe.
Agus do scríobh Maóise bríathra an TIGHEARNA uile, agus do eirghe go moch air maidin, agus do thóg altóir san chnoc, agus dhá philéir dheúg, do réir dhá threibh dhéag Israel.
Agus do chruinnigheadar muinntir Schechem uile, agus tigh Mhillo uile a bhfochair a chéile, agus do ehúadar, agus do rínneadar rígh Dabimelech, láimh ré daruigh an phíleir do bhí a Schechem.
Ann sin do thóg Samuel cloch, agus do shuighidh í eidir Mhispeh agus Shen, agus do ghoir Eben‐eser dainm dhi, gha rádh, Go nuige so do chuidigh an TIGHEARNA sinn.