Agus déirigh Dáibhi, agus do chuáidh guna raibh maille ris dá mhuinntir ó Bhaal‐Iúdah, do thabhairt airce Dé a núas as sin, noch ainmnighear tré ainm THIGHEARNA na slógh, noch chomhnuigheas idir na cherubinibh.
Iósua 18:14 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do tairrngeadh an téora as sin, agus do thimchill sí coirneal na fairge budh dheas, ón chnoc atá as coinne Bhethóron budh dheas; agus do bhádar a dula amach sin ag Ciriat‐baal, (noch ar bé Ciriat‐iearim), cathair lé cloinn Iúdah: do budh í so an cheathramh shíar. An Bíobla Naofa 1981 Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar. |
Agus déirigh Dáibhi, agus do chuáidh guna raibh maille ris dá mhuinntir ó Bhaal‐Iúdah, do thabhairt airce Dé a núas as sin, noch ainmnighear tré ainm THIGHEARNA na slógh, noch chomhnuigheas idir na cherubinibh.
Círiat‐baal, noch ar bhé sin Círiatiearim, agus Rabbah; dhá chathruigh gun a mbailtibh:
Agus do táirrngiodh an téora ó mhullach an chnuic go nuige tobar uisge Nephtoah, agus do chuáidh amach go caithreachaibh shléibhe Ephron; agus do tháirngeadh an téora go Báalah noch ar bé Ciriat‐Iarim:
Agus do chuáidh an téora ann sin leath re Lus, go taoibh Lus, (noch ar bé Betel), budh dheas; agus tháinic an téora a núas go Hatarot‐adar, láimh ris an gcnoc atá don taóibh ó dheas do Bhethóran íochdarach.
Agus do bhí an cheathramha budh dheas ó chionn Chiriat‐iearim, agus do chuáidh a téora amach ar an ttaóibh shíar, agus do chuáidh amach go tobar na nuisgeadh ag Nephtoah:
Agus do ghluáisiodar clann Israel ar a naghuidh, agus tangadair dá gcaithreachaibh an treas lá. A nois dob íad a ccaithreacha Gibeon, agus Cephirah, agus Beerot, agus Ciriat‐iarim.
Agus do iompoigh cuideachda oile ann sa tslighe go Bet‐óron: agus diompoigh cuideachda oile chum a nimil noch fhéachus go gleann Sheboim leath ris an bhfásach.