Annois ar a nadhbharsin tabhair dhamh an slíabhso, dar labhair an TIGHEARNA san lásin; óir do chúala tú an lá sin mar do bhádar na Hanacimigh annsin, agus go rabhadar na caithreacha mór daingion: má bhíonn an TIGHEARNA liom, tiucfa dhíom ar a ccur amach, mar a dubhairt an TIGHEARNA.
Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”
Do bféidir go ccluinfeadh do THIGHEARNA Día bríathra Rabsaceh uile, noch do chuir rígh na Hassíria a mháighistir daithiseadh an Dé bhí; agus go nimdheargfadh na bríathra noch do chúala do THIGHEARNA Día: uimesin tóg súas do ghuidhe ar son an nfuighill do fágbhadh.
Agus déigh Asa air A THIGHEARNA Día, agus a dubhairt, A THIGHEARNA, as beag agadsa cabhair do thabhairt, ceachtar acá lé móran, nó luchd gan neart: tabhair dhúinne cabhair, a THIGHEARNA ar Ndía; óir is ort chuirmid sinn féin, agus an thainmsi theighmid á naghaidh a niomudse. O a THIGHEARNA, is tú ar Ndía; ná beireadh duine búaidh órt.
Oír ní re na gcloidheamh do ghabhadar oighreachd a nfearuinn, agus ní hí a lámh féin do sháor íad: acht do lámh dheassa, agus do rígh, agus solus haighthe, do bhrígh go raibh tú fabharthach dhóibh.
Gidheadh atáid na dáoine áitreabhas annsa dúthaigh láidir, agus atáid a gcathireacha do bhalladhuibh, agus atáid romhór: agus fós do chonncamar clann Anac annsin.
Agus do choncamar annsin aithigh, mic Anac, a thig úath na fathighibh: agus du bhámairne ann ar radharc féin mar dhreóllánuibh teasbuidh, agus do bhámar ann a radharcsion fós mar án gcéadna.
Agus a dubhairt an TIGHEARNA ré Maóise, Ná bíodh eagla ort roimhe: óir do sheachaid misi ad láimh é, agus a dháoine uile, agus a dhúthuigh; agus do dhéana tú ris mar do rinne tú re Síhon righ na Namoríteach, noch do chomhnuigh an Hesbon.
Cáit a rachum súas? do dhroichmheisnigheadar ar ndearbhráthre ar gcroidhe, dhá rádh, Is mó agus is árrachduigh na daoine úd ná sinne; atúid na caithreacha mór agus ár na mballughadh súas go neamh; agus fós do choncamar mic Anacim ann.
Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniugh, do shealbhughadh cineadhach is mó agus is láidre ná thú féin, caithreacha mora agus cumhdaighthe súas go neamh,
Tuig ar a nadhbharsin a niugh, gur bé an TIGHEARNA do Dhía, théid romhad; mar theinidh loisgnigh claoidhfidh sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haighthe: mar sin dhíbéorus tú amach íad, agus scriostas tú go lúath íad, mar a dubhairt an TIGHEARNA riot.
Agus a dubhairt Ionatan ris a nóganach do iomchair a airm, Gluáis, agus deanum anonn go gárda na ndáoine nemhthimchill‐gheárrthasa: dob éidir go noibreochadh Día air ar son: óir ní bhfuil toirmheasg ar an TTIGHEARNA dídean da dhéanamh lé mórán nó lé beagán.