Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
Filéamón 1:9 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é is fearr liom a impi ort ar ghrá Dé—is ea, mise Pól, a bhíodh i mʼambasadóir agus atá anois i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost— Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) is é is fearr liom impidhe do dhéanamh ort, ar son an ghrádha, agus gur mise Pól atá im’ shean‐fhear, agus im’ phríosúnach anois ar son Íosa Críost: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, An Bíobla Naofa 1981 is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh d'achainí ort - mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, |
Anois fós a núair atáim sean agus líath, a Dhé, ná tréig mé; go ttaisbeana mé do neart don ghinealachso, agus do chumhachda do nuile dhuine thiucfas.
Ná teilg seachad mé a naimsir mo sheanaoise; a nuáir fhaillighios mo neart nа tréig mé.
Agus go nuige a naóis fhoirfe is misi féin é; agus fós go nuige an bhfolt líath iomchora mé: is misi do rinne, agus is mé iomchorus; iomchora mé, agus sáorfa mé sibh.
Ar a nadhbharsin sirim dathchuinge oraibh, a dhearbhraithreacha, tré trócaire Dé, bhur gcuirp do thabhairt na bhéo-iodhbairt, náomhtha, geanamhail do Dhía, bhur seirbhís réusúnta.
Uime sin is teachdaireadha sinn as uchd Chríosd, amhuil do chuirfeadh día impidhe oruibhsi thrídne: iarrmaóidni dathchuinge oruibh as uchd Chríosd, bíghidh réidh ré Día.
Agus ar mbeith dhúinne, ag cungnamh rision, íarrmuid fós dathchuinghe oruibh gan ghrás Dé do ghabhail chuguibh do díomhaóin.
Ar a nadhbharsa atáimse Pól, um bhráighe Díosa Críosd ar bhur sonsa a Chíneadhacha,
Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh,
Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.
Ar a nadhbharsin beirim buidheachas ris an tí do neartuigh mé, Iósa Críosd ar Dtíghearna, do bhrígh gur mheas sé mo bheith díleas, dom chur sa miniosdralachd;
Eadhon dáoine áosda do bheith aireach, trómgha, measárgha, diongmhálta a gcréideamh, a ngrádh, agus a bhfoighid.
Agus as móide shírim so oruibh, ionnus go madh lúathaide gheábhus sibh mé aiseag dhíbh a rís.
A chaired grádhach, íarruim dathchuinge oruibh mar dhéoruidhibh agus oilirthibh, sibh féin do sheachna ar ainmhíanuibh na colla, noch bhíos ag cáthughadh a naghuidh a nanma.
Agus is amhluigh bhías, a nuáir thiocfaid a naithre nó a ndearbhráithre do chasaóid rinne, go naibéoram ríu, Bithi muinnteardha ríu air ar soinne: do chionn nar shábhálamar a bhean féin dá gach nduine annsa chogadh: óir ní sibhsi thug dhóibh a nuairsi, as go mbíadh sibh ciontach.