Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Filéamón 1:1 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Pol, priosúnach Iósa Críosd, agus an dearbhrathair Timoteus chum Philémoín ionmhuin, agus ar bhfear cabhartha,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Mise Pól atá i mo bhraighdeanach ar son Íosa an Críost, agus Timótéus ár mbráthair, Chugat a Philémóin ár gcomhoibrí ionúin

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Pól, príosúnach ar son Íosa Críost, agus Timóteus ár mbráthair, chum Filéamóin, cara ionmhain agus cómh‐oibridhe linn,

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón,

Féach an chaibidil



Filéamón 1:1
18 Tagairtí Cros  

Ann sinn táinic sé go Derbe agus go Listra: agus, féuch, do bhí deisciobal áirighe ann sin, dar bhainm Timotéus, mac mhná áirighe, dheaghchreidmhighe don chineadh, Iúduidhe; agus bá Gréugach a athair:


Oír is cómhluchd oibre do Dhía sinne: is sibhse treabhaire Dé, agus áitreabh Dé.


Pol, absdal Iósa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhráthair Timotéus, chum eagluisi Dé noch atá a Gcorintus, maille ris na huile náomhuibh atá ar feadh na Hachaía:


Oír atá sibh uile bhur gcloinn ag Día tré chreideamh a Niósa Críosd.


Ar a nadhbharsa atáimse Pól, um bhráighe Díosa Críosd ar bhur sonsa a Chíneadhacha,


Uime sin, sirimse air mbeith um bhráighe ar son an Tíghearna, dathchuimghe oruibh síubhal dáoibh mar is iomchubhaidh do ghairm chum ar goireadh sibh,


Dá bhfuilim um theachdaire a ngéibheann: ionnus go ndéunuinn danachd labhartha as, mar as éigean damh lábhairt.


Pol agus Timotéus, searbhfhoghantuighidh Iósa Críosd, chum na nuile náomh a Niósa Críosd nach atá a Bhfilippi, maille ris na heasbuguibh agus ris na deacanuibh:


Gidheadh do mheas mé gur riachdanach mo dhearbhráthair Epaphroditus, do chur chuguibh, mo chomhoibrighe, agus mo choimhfhior coguidh, agus bhur dteachdairese, agus an tí do fhóir oram a nám mo riachdanuis.


Agus sírim dathchuinge ortsa, mar an gcéudna, a chompanuigh charthanaigh, cungnamh ris na mnáibh noch do rinne díthchioll maille riomsa sa tsoisgéul, agus fós maille ré Clemens, agus ris an gcuid eile dom luchd cabhartha, agá bhfuilid a nanmanna a leabhar na beatha.


Pol, absdal Iosa Críosd tré thoil Dé, agus an dearbhrathair Timotéus,


Agus Iósa, da ngoirthear Iustus, noch as don timchillghearradh, A síad amháin mo luchd cúngantasa do chum ríoghachda Dé, agus a síad bá fhurtachd damh.


Agus do chuireamar Timotéus, ar ndearbhráthair, agus minisdir Dé, agus ar bhfear cabhartha a soisgéul Chríosd, chum sibhse neartughadh, agus do theagusg do tháobh bhur gcréidimh:


Pol, agus Silbhánus, agus Timotéus, chum eagluise na Dtessalónicanach a Ndía Athar, agus sa Dtíghearna Iósa Críosd:


Uime sin ná bíodh adhnáire ort fá fhíadhnuise ar Dtíghearna, ná am thimchiollsa priosúnach ar a shon: achd bíodh do chuid agad do bhuáidhirt an tsoisgéil do réir chúmhachd Dé;


Cuiridh Epaphras (mo chómhphriosúnach a Niósa Críosd,)


Marcus, Airistarchus, Démas, agus Lúcas, mo chómhluchd cábhartha, mbeannachd chugad.


Gidheadh cheana tré ghrádh is usa liom impidhe chur ort, ar mbeíth dhamh mar Phól fhoirfe, agus a noir fós um phríosúnach ar son Iósa Críosd.