Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
Zafainiá 1:12 - An Bíobla Naofa 1981 An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ‘Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.’ An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tiucfuidh a ccrích san namsin, go spíonta misi Ierusalem lé coinlibh, agus píanfa mé an drong atá go socair air a ndeascaigh: noch a deir iona ccroidhe, Ní dhéana an TIGHEARNA maith, ní mó dhéana sé olc. |
Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
Deireann an drochdhuine le díomas: “Ní dhéanfaidh sé díoltas.” Deir sé ina intinn: “Níl Dia ar bith ann!”
Do stiúrthóir an chóir. [Salm le] Dáiví. Deir an t‑amadán ina chroí: “Níl aon Dia ann.” Tá siad truaillithe: déanann siad gníomhartha gránna; níl aon duine maith ann.
Iad siúd a deir: “Brostaíodh sé! Déanadh sé deifir lena ghníomh ionas go bhfeicfimid é; bearta Neach Naofa Iosrael, tagadh siad in aice linn agus cuirtear i gcrích iad, chun gurb eol dúinn iad.”
Is taibhsí préachán iad i ngarraí mealbhacán, agus balbh dá réir; is éigean a n‑iompar, ó tharla gan siúl acu. Ná bígí eaglach rompu: ní thig leo olc a dhéanamh ná fós, an mhaith!”
Bhí Móáb i suaimhneas óna óige; shuigh sé ar a mhoirt; níor folmhaíodh é ó shoitheach go soitheach; níor chuaigh riamh i mbraighdeanas; uime sin choinnigh sé a bhlas dílis féin, níor aistríodh a bholadh.
Dúirt sé liom ansin: “A mhic an duine, an bhfuil feicthe agat cad tá ar siúl ag sinsir mhuintir Iosrael sa dorchadas, gach fear acu ina sheomra daite féin? Óir deir siad: ‘Ní fheiceann an Tiarna sinn, tá an tír tréigthe ag an Tiarna.’ ”
Dúirt an Tiarna leis: “Imigh ar fud na cathrach, ar fud Iarúsailéim, agus cuir comhartha croise ar éadan na ndaoine go léir a osnaíonn agus a mhairgníonn mar gheall ar na himeachtaí gránna uile a bhíonn ar siúl inti.”
Dúirt sé liom ansin: “Is an-mhór ciontacht mhuintir Iosrael agus Iúdá, tá an tír lán d'fhuil agus an chathair lán d'urchóid; óir deir siad: ‘Tá an tír tréigthe ag an Tiarna, níl radharc ná súl ag an Tiarna.’
Is mairg don mhuintir atá sócúil i Síón, agus a mhothaíonn slán sábháilte ar shliabh na Samáire, móruaisle scoth cine na gciníocha ar a mbíonn triall theach Iosrael.
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”
agus á rá: “Cá bhfuil gealltanas a theachta? Mar ón am a ndeachaigh na hAithreacha chun suain maireann gach ní díreach mar a bhí siad ó thús na cruthaíochta.”
agus imreoidh mé bás ar a clann, agus beidh fhios ag na heaglaisí uile gur mise a scrúdaíonn an aigne agus an croí, agus tabharfaidh mé do gach duine agaibh díol de réir bhur ngníomhartha.