Seanfhocal 8:22 - An Bíobla Naofa 1981 Chruthaigh an Tiarna mé i dtús a shaothair, roimh gach ní eile dá ndearna sé anallód. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do shealbhuigh an TIGHEARNA mé a ttosach a shligheadh, roimhe a oibreachaibh a nallúd. |
Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
Bhunaigh an Tiarna an chruinne ar a máithreacha le barr eagna, agus le barr tuisceana dhaingnigh sé na spéartha.
Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.
“Scríobh go dtí aingeal na heaglaise i Láoidícéa: ‘Mar seo a deir an tAmen, an finné dílis fírinneach, céadtús chruthúnas Dé.