Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Seanfhocal 8:18 - An Bíobla Naofa 1981 Tá maoin agus onóir agamsa, saibhreas buan agus conách. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Atá saidhbhrios agus onóir agam; fós, saidhbhrios biothbhúan agus fíréuntacht. |
Beidh maoin is maitheas ina theaghlach; mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
Sroicheann do bhuanghrá na flaithis, a Thiarna, agus do dhílse na néalta. Tá d'fhíréantacht mar shléibhte Dé:
Le barr eolais a líontar stórais, le maoin de gach sórt idir luachmhar agus tharraingteach.
Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.
Ach níl riachtanas ach le haon ní amháin. Óir is í an pháirt is fearr ba rogha le Máire, agus ní bhainfear í sin di.”
Díolaigí a bhfuil agaibh agus déanaigí déirc; déanaigí daoibh féin sparáin nach gcaithfear le haois, stór do-ídithe sna flaithis mar nach dtagann an bithiúnach ina ghar agus nach mbíonn an leamhan á lot.
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
Is mé an duine is dearóile de na naoimh go léir, ach is domsa a tugadh an grásta seo: saibhreas dochuimsithe Chríost a fhógairt do na gintlithe
Agus déanfaidh mo Dhia riar go fial ar gach riachtanas daoibhse as a fhlúirse féin i nglóir in Íosa Críost.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.