Seanfhocal 8:14 - An Bíobla Naofa 1981 (Is cuma fuath don olc nó eagla an Tiarna;) is fuath liom uabhar, díomas, cosán an oilc agus an béal bréagach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is leamsa comhairle, agus eagna iomlán: agus is misi an tuigsi; agus is liom neart. |
De bhrí nár thóg sibh ceann d'aon chomhairle do mo chuid, agus gur dhiúltaigh sibh do gach rabhadh uaim,
An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.
Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.
Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht, ná scaoil as do radharc iad.
Ó Thiarna na Slua an méid sin freisin; is iontach é le haghaidh comhairle agus is cumasach a chríonnacht.
Cé air a d'iarrfadh sé comhairle chun breithiúnas, chun eolas a chur ar bhealach na córach, chun slí na tuisceana a aimsiú?
Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.
Mór i gcomhairle, agus cumasach i ngníomh, a bhfuil a shúile oscailte ar bhealaí uile na ndaoine, a thabhairt do gach aon duine de réir a shlite agus torthaí a ghníomhartha!
ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.
Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.
is é sin, ar Chríost a bhfuil stóir uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.