Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
Seanfhocal 6:9 - An Bíobla Naofa 1981 An fada a fhanfaidh tú i do luí ansin, a leisceoir? cathain a éireoidh tú ón suan? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cá fad bhías tú ad chodhladh, O a lorgánuigh? ca huáir éireochus tú as do chodhladh? |
Bíodh tuiscint agaibh, a lucht na díchéille; a phleidhcí an phobail, bíodh ciall agaibh!
“A dhaoine saonta, an fada eile a thabharfaidh sibh gean do bhur saontacht? An fada eile a bhainfidh scigirí taitneamh as a scigireacht agus a bheidh drochmheas ag amadáin ar an eolas?
Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
Bíodh beagán suain, beagán codlata agat; fill do lámha, ábhar, ar mhaithe le socracht,
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
Ach cóiríonn sé a chuid bia sa samhradh, agus bailíonn a sholáthairtí san fhómhar.
Nigh do chroí ó urchóid ionas go sábháilfear thú, a Iarúsailéim. Cá fhad a lonnfaidh i do chroí do smaointe mailíseacha?
Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.
agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”