Ansin dúirt Dáiví: “Fear óg gan taithí na mblianta is ea mo mhac Solamh, agus an teach atá le tógáil don Tiarna, ní foláir é a bheith an-taibhseach agus clú agus ainm in airde a bheith air i ngach tír. Déanfaidh mé ullmhú ina chomhair dá bhrí sin.” Rinne Dáiví más ea, go leor ullmhúcháin roimh éag dó.
Dúirt Dáiví rí ansin leis an gcomhthionól go léir: “Solamh mo mhac, an té sin amháin a roghnaigh Dia thar chách, tá sé óg ar bheagán taithí, agus is mór é an saothar; óir ní do dhuine an pálás seo, ach don Tiarna Dia.
“Agus doirtfidh mé spiorad an ghrásta agus na hachainí ar theaghlach Dháiví agus ar áitritheoirí Iarúsailéim i dtreo go mbreathnóidh siad ormsa, ar an té a tholl siad. Caoinfidh siad é mar a chaoinfeá aonmhac; goilfidh siad go géar goirt ina dhiaidh faoi mar a dhéanfaí gol i ndiaidh na céadghine.