Seanfhocal 4:26 - An Bíobla Naofa 1981 Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Meas slighe do chos, agus bídis doshlighthe uile daingion. |
Stiúrann an Tiarna coiscéimeanna an duine agus déanann slí an té is geal leis sábháilte.
D'fhan mé go foighneach leis an Tiarna agus chrom sé chugam gur éist sé le mo ghuí.
Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.
Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.
Éist liom, a mhic, agus bíodh ciall agat, agus stiúraigh do chroí i slí [na gaoise].
Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.
De bhrí gur mhachnaigh sé agus gur thréig sé a pheacaí go léir mairfidh sé go deimhin; ní bhfaighidh sé bás.
Dá bhrí sin labhraíonn Tiarna na Slua mar a leanas: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.
Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: “Déanaigí machnamh ar conas mar a d'éirigh libh.
Bígí cúramach faoi bhur gcuid iompair, dá bhrí sin, agus gan a bheith ar nós daoine gan chiall ach ar nós daoine ciallmhara
Ná bíodh aon mhearbhall oraibh, dá bhrí sin, ach tuigigí go cruinn cad is toil don Tiarna.
Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.
agus déanaigí cosáin réidhe do bhur gcosa.” Ar an gcuma sin in ionad an chos leonta a chur as alt is amhlaidh a leigheasfar í.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.