Seanfhocal 4:21 - An Bíobla Naofa 1981 Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná léig íadso as do shúilibh; coimhéad íad a lár do chroidhe. |
Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.
Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht, ná scaoil as do radharc iad.
Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad.
“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.