Seanfhocal 4:12 - An Bíobla Naofa 1981 Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A núair shiubholus tú, ní cumhgochthar do choiscéime; agus a núair rithios tú, ní bhfuighe tú tuisleadh. |
Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta.
Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.
Is le gol a d'imigh siad, tabharfaidh mise sólás dóibh agus mé á dtreorú ar ais; déanfaidh mé eolas an bhóthair dóibh go srutháin uisce, slí dhíreach in áit nach bhfaighidh siad tuisle. Óir táim i m'athair ag Iosrael, agus is é Eafráim mo chéadghin mic.
agus “ceap tuisle agus carraig scannail.” Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.