Seanfhocal 3:14 - An Bíobla Naofa 1981 Is mó an sochar a ghabhann léi ná leis an airgead agus is mó a tairbhe ná an t‑ór. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is féarr a ceanniugheacht ná ceannuigheacht airgid, agus a sochar ná ór glan. |
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
Eagna agus oidhreacht le chéile, is maith an ní é sin agus téann sé ar sochar don mhuintir a fheiceann an ghrian.
Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
Comhairlím duit ór a cheannach uaim atá profa sa tine, chun go mbeifeá saibhir; agus éidí geala le cur ort chun nár léir náire do bhall nocht; agus uinnimint le do shúile a ungadh chun go mbeadh radharc agat.