An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac; an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.
Seanfhocal 23:13 - An Bíobla Naofa 1981 Nara leasc leat smachtú linbh; ní trúig bháis dó buille bata. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ná connaimh smacht ón leanabh: óir ma bhuáilionn tú leis an tslait é, ní bhfuighe sé bás. |
An té a choigleann an tslat, fuathaíonn a mhac; an té a bhíonn fial ag ceartú, bíonn grá aige dó.
Cuir smacht ar do mhac fad a mhaireann an dóchas; ná cuir romhat é mhilleadh ar fad.
Tá an bhaois ginte i gcroí an linbh; ach déanfaidh slat an smachtaithe í a dhíbirt i gcéin as.
Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
Smachtaigh do mhac, agus tabharfaidh sé suaimhneas aigne duit; cuirfidh sé áthas ar do chroí.
Bígí buanseasmhach, mar sin, ionas go ndéanfar sibh a oiliúint; is mar chlann mhac atá Dia ag caitheamh libh. Cá bhfuil an mac nach gcuireann a athair smacht air?