Rinne bean duine de bhráithreachas na bhfáithe achainí chun Eilíseá. “Tá do shearbhónta, m'fhear céile, marbh,” ar sí, “agus tá a fhios agat cad é mar urraim a bhí ag do shearbhónta don Tiarna. Tá fear na bhfiach tagtha chun mo bheirt leanbh a bhreith leis le bheith ina ndaoráin aige.”
idir chléir agus thuath, idir uasal agus íseal, máistreás agus searbhónta, díoltóir agus ceannaitheoir, iasachtóir agus iasachtaí, creidiúnaí agus féichiúnaí.
Mar seo a deir an Tiarna: In éiric thrí pheaca Iosrael, in éiric a cheithre pheaca, ní rachaidh mé siar ar mo dhaorbhreith. De bhrí gur dhíol siad an fíréan i ngeall ar airgead agus an bochtán i ngeall ar phéire cuarán,
Éistigí leis an bhfocal seo, a bha Bháiseán, a chónaíonn ar shliabh na Samáire, sibhse a chiapann an bochtán, a fháisceann ar an dearóil, a deir le bhur bhfir chéile: “Tabhair chugainn deoch go n‑ólaimid.”
Sibhse ámh, thug sibh easonóir don duine bocht. Nach iad lucht an tsaibhris a dhéanann leatrom oraibh? Nach iadsan a tharraingíonn os comhair na cúirte sibh?
Féach, tuarastal na n‑oibrithe a bhain fómhar bhur gcuid gort, agus a choinnigh sibh uathu go calaoiseach, tá sé ag éamh os ard; agus tá cluasa Thiarna na Slua sroichte ag éamh na mbuanaithe.