Seanfhocal 22:5 - An Bíobla Naofa 1981 Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh; an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Bíd droighne agus paintéir a slighe a nanduine: an té choimhéadas a anam bí sé a bhfad úatha. |
Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh: gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh. 6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht: agus feicfidh na fíréin a aghaidh.
An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,
An té a chuireann faire ar a bhéal, cosnaíonn sé a bheo, ach an té a bhíonn béalscaoilteach, bíonn thiar air.
Tá driseacha go tiubh ar chosán na leisceoirí, ach is ród réidh cosán [na ndícheallach].
Casann ród an fhíréin i leataobh ón olc; an té a fhaireann cá bhfuil a thriall caomhnaíonn sé a bheo.
An té a choimeádann na haitheanta, coimeádann sé é fein; an té ar beag leis an briathar, gheobhaidh sé bás.
Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil.
Tá gaiste [faoi chosa] an urchóidigh, ach ritheann an fíréan ar aghaidh go lúcháireach.
Tá bealach na n‑urchóideach mar an duibheagán domhain; ní eol dóibh céard a bhaineann tuisle astu.
bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.
Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.