Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
Seanfhocal 22:4 - An Bíobla Naofa 1981 Sé luach saothair na humhlaíochta agus eagla an Tiarna ná saibhreas, onóir agus fad saoil. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Le humhlacht agus le heagla an TIGHEARNA, atáid saidhbhrios, onóir, agus beatha. |
Seolann eagla Dé chun na beatha; an té a mbíonn sí aige, bíonn bia agus fothain aige, gan scéin roimh aon olc air.
Tá maoin luachmhar agus ola i dteach an duine chríonna, ach déanfaidh an t‑amadán é a alpadh.
An té a théann sa tóir ar an gcóir agus ar an gcineáltas, beidh idir bheatha agus chóir agus onóir aige.
Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
Tá dealga agus gaistí ar chosán an urchóidigh; an té a thugann aire do féin, déanfaidh sé é féin a sheachaint orthu.
Déanfaidh a dhíomas féin fear a threascairt, ach bainfidh an t‑uiríseal ó chroí onóir amach.
Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht; is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.
Is é cúl taca na haimsire é; an eagna agus an t‑eolas, is iad sin an stór a shlánaíonn, is í eagla an Tiarna is taisce dó.
Óir is mar seo a deir an Té is airde, a bhfuil a chónaí sa tsíoraíocht agus a bhfuil a ainm naofa: “Tá cónaí orm in áras atá ard agus naofa, agus fós i bhfochair an té atá brúite uiríseal ó spiorad, chun misneach a mhúscailt arís i spiorad na n‑uirísle, chun misneach a chur ar ais sna croíthe brúite.
Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.
Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.
Ach tugann sé breis grásta, agus uime sin deir sé: “Cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach tugann sé grásta do lucht na huirísleachta.”