Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;
Seanfhocal 22:11 - An Bíobla Naofa 1981 Tá cion ag [an Tiarna] ar an gcroí glan, agus is cara don rí fear na cainte caoine. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Biáidh an rígh na charaid ag an té ghrádhuighios gloine chroidhe, ar son millse a bhéil. |
Azairiá mac Nátán ceann na bhfeidhmeannach; Zábúd mac Nátán sagart agus Cara an rí;
Beidh súil agam le fíréin na tíre a bheith in aontíos liom. An té a shiúlann sa tslí gan máchail, is é a dhéanfaidh fónamh dom.
An té a bhfuil lámh gan smál agus croí glan aige: an té ar beag air nithe gan tairbhe agus nach dtugann mionn éithigh dá chomharsa.
Tá mo chroí á chorraí ag téama sáruasal. Tá mé ag aithris mo dháin i láthair an rí; ní luaithe lámh an scríobhaí ná líofacht mo theanga.
Bíonn gnaoi an rí ar an seirbhíseach cliste, ach bíonn a fhearg ar an té a dhéanann gníomh náireach.
Bíonn fáilte ag an rí roimh bheola fíréanta; bíonn grá aige don té a labhraíonn go cóir.
Déanann súile an Tiarna an t‑eolas a fhaire, ach leagann sé ar lár briathra na mbréagairí.
Tarraingíonn briathra béil an eagnaí gnaoi na ndaoine air ach is iad liopaí an amadáin a dhéanann a mhilleadh.
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”