Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.
Seanfhocal 20:4 - An Bíobla Naofa 1981 Tá an fómhar thart, ach níl aon treabhadh déanta ag an leisceoir; beidh súil in airde aige in am an bhainte, ach ní beidh dada ann dó. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní threabhthuigh an lorgánach do bhrígh a nfúachta; uimesin íarrfuidh sé déirc san bhfoghmhar, agus ni bía aoinni aige. |
Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint, ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.
Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.
Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
Tumann an leisceoir a chrobh sa mhias, ach ní bhacann le hé a bhreith chun a bhéil.
Is cuma nó uisce domhain a mbíonn ar aigne ag duine ina chroí istigh; níl ag an duine tuisceanach ach é a tharraingt amach.
Is trúig bháis don leisceoir a ainmhian féin, mar ní áil lena lámha aon bheart a dhéanamh.
Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.”
A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.
An té a bhíonn ag faire na gaoithe, ní chuirfidh sé síol choíche agus an té a bhíonn ag iniúchadh na scamall, ní bhainfidh sé fómhar go deo.