Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile.
Seanfhocal 19:11 - An Bíobla Naofa 1981 Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cuiridh discréid duine a fhearg air cáirde; agus isí a ghlóir míríaghuil do léigean thairis. |
Nach fearr iad an Abáná agus an Farpar, aibhneacha na Damaisce, ná a bhfuil d'uiscí in Iosrael chun go nífinn mé féin iontu agus go nglanfaí mé.” Dá bhrí sin thiontaigh sé agus d'imigh agus é ar buile.
Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
Is mór é tuiscint an té atá mall chun feirge; is [measa ná baoth] an fear lasánta.
Is fearr an duine stuama ná an gaiscíoch tréan; agus an té atá ina mháistir air féin ná an té a dhéanann cathair a ghabháil.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Ná habair: “Déanfaidh mé an t‑olc a chúiteamh”; ach bíodh do dhóchas as an Tiarna agus tiocfaidh sé i gcabhair ort.
Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó; nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.
Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
Bígí muinteartha le chéile agus atruach, ag maitheamh dá chéile faoi mar mhaith Dia daoibh féin i gCríost.
Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,