Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,
Seanfhocal 17:7 - An Bíobla Naofa 1981 Ní oireann béal soilbhir don bhaoth, ach is lú ná sin a oireann éitheach don phrionsa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ní hiomchubhaidh damadán glór dearsgnuigh: is lugha ná sin puisinigh bréagacha do phrionnsa. |
Labhair Dia Iacóib agus dúirt Carraig Iosrael liom: An té a rialaíonn daoine leis an gceart, agus a bhfuil eagla Dé air ag rialú dó,
Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;
Nár náirítear mé, a Thiarna, toisc go nglaoim ort; go gcuirtear náire ar na hurchóidigh. Go gcuirtear ina dtost san uaigh iad;
Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh; ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.
Ní cuí don amadán maireachtáil i sócamas, agus is lú ná sin is cuí do dhaor bheith i gceannas ar fhlatha.
Ní oireann sneachta don samhradh, ná báisteach don fhómhar, agus ní mó ná sin a oireann onóir don amadán.
Chomh guagach le cosa an bhacaigh ar sileadh leis gan tairbhe, sin mar atá seanfhocal i mbéal na n‑amadán.
A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín a bhaint as súil do bhráthar.